Cuspóirí

Is é ár misean aghaidh a thabhairt ar easpa fotheidil Gaeilge ar an teilifís, agus feachtasaíocht a dhéanamh ar son roghanna teanga níos cuimsithí agus níos inrochtana do gach duine. Ní hamháin gur uirlis foghlama iad fotheidil—cuireann siad le fás na teanga, tugann siad rogha do dhaoine, agus cruthaíonn siad bealaí nascála idir pobail agus cultúir.

Seo mar atáimid ag dul i bhfeidhm:

1. Feasacht a Mhúscailt
Tá an teanga mar chuid de gach duine, ní amháin cainteoirí líofa nó díograiseoirí cultúrtha. Trí oideachas, scéalta sna meáin, agus imeachtaí pobail, táimid ag cur in iúl cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge mar theanga atá lán deiseanna agus feidhmíochta i saol an lae inniu.

2. Tacaíocht do Phobail agus do Theangacha
Oibrímid le scoileanna, ollscoileanna, agus eagraíochtaí cultúrtha chun tacú leis an nGaeilge agus le teangacha eile atá ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin chéanna. Trí uirlisí agus deiseanna foghlama a chur ar fáil, táimid ag tacú le pobal éagsúil cainteoirí agus foghlaimeoirí a bhfuil meas acu ar thábhacht na héagsúlachta teanga.

3. Dearcthaí a Bhailiú
Éistimid le guthanna ó chainteoirí, ó fhoghlaimeoirí, agus ó dhaoine atá nua don Ghaeilge chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil de dhíth chun an teanga a dhéanamh níos inrochtana agus níos ábhartha.

4. An Ilteangachas a Chur Chun Cinn
Ní theastaíonn ón nGaeilge dul san iomaíocht le teangacha eile—oibríonn sí in éineacht leo. Déanaimid ceiliúradh ar an luach a bhaineann le bheith ilteangach agus na buntáistí sóisialta, cultúrtha agus cognaíocha a thagann leis.

5. Inrochtaineacht a Chur Chun Cinn
Ní bhaineann sé seo le fotheidil amháin. Baineann sé le deis a thabhairt do dhaoine taithí a fháil ar theanga ar a dtéarmaí féin. Is cuma má tá siad ag tosú amach, ag foghlaim teaghlaigh a dteanga, nó ag nascadh lena bpobal, tá rochtain ríthábhachtach.

Aims

Our mission is to address the lack of Irish-language subtitles on television, advocating for more inclusive and accessible language options for viewers. Subtitles are not just a tool for learning—they’re a way to support language growth, create choice, and foster connection.

Here’s how we’re making an impact:

1. Raising Awareness Language belongs to everyone, not just fluent speakers or cultural enthusiasts. Through education, outreach, and media engagement, we’re working to ensure that Irish is seen as a language of opportunity and relevance in a globalized world.
2. Supporting Communities and Languages We collaborate with schools, universities, and cultural organizations to support Irish and other languages facing similar challenges. By providing tools, resources, and opportunities for engagement, we’re working to strengthen a community of speakers and learners who value linguistic diversity.
3. Gathering Perspectives By listening to the voices of speakers, learners, and those new to the language, we’re creating a shared vision for the role of Irish in the modern world.
4. Promoting Multilingualism Irish is not in competition with other languages—it thrives alongside them. Our work celebrates the value of being multilingual and the cognitive, social, and cultural benefits it brings.
5. Advocating for Accessibility This is about more than subtitles—it’s about giving people the choice to experience language on their terms.
Scroll to Top